Ardrí cródha cosantach ciallbhreathach ceínndíoghainneach re h-uair g-catha 7 g-comhraic ro-ghabh airdríghe 7 ardfhlaitheamhas ar Erinn gan uireasbaid .i. Conn cródha Ceadchathach m. Feidlimidh m. Tuathal.


Gabhas luathghaire lanadbal Conn rompa
7 do-nocht a chomairle doib.
„Dentar amlaid,“ ar Conall 7 ar Connachtaigh,
„uair dá roichtis Ulltaigh 7 Muimnigh i g-ceann a cheile
ro-badh doiligh cath do thabairt doib.“
Iomthus Cuinn 7 Connacht:
ro-ghluaisetar reampa sna ródaib roiréidhe raonmhaiseacha
go rangadar Bóinn
7 fuaradar rí Ulad ar n-gabáil longphuirt taobh abhos don Boinn
7 ar bh-faicsin a chéile doibh
do-nochtadh meirge Cuinn
7 do-ionnsaigh sé fein 7 Ulltaigh a cheile
7 brisetar for Ulltaib
7 marbthar in rí .i. Mál m. Rochraidhe.

Is ann sin
ro-eirigh Conn Ceadchathach dia adairt
fria maoitheirghe na gréine gairthe
tar imealbordaibh an talman tromfhodaigh.
Ro-badar dá ní rioga rouaisle oireagda ágmhara
ag éirge i n-aoineacht dia n-adartaibh isin maidin sin .i.
an grían ag éirghe ina bócoid bhiothghloin bhuanaibhsigh
7 ina h-ubhailmheall cródhoch cuana crithreach
ag comheirge as na cneasaibh i g-cleachtann coimhrioth
re cneis an Measraighithe mhoir mheadinaigh.
Gonadh tánaisde dhi-sean éagasg an airdrí ag éirghe dia adhairt issin uair sin.


Ro-eirgheatar an cúigear féinneadh forchoimheadha
bádar ar ionchaib an airdriogh
7 do-ghabsat-sein a g-cuig caoin-leinte
soillse sion-snaithe faa sleamhantaobaibh
7 do-gabatar cuig ionair buadnaisgeacha iompa
7 do-ghabsat cuig leathbratha langhorma
uainidib buidhe boithglana
7 do-gabsat caog eó airgighe
i n-urslocthaibh na b-fuan bh-fíorghasda
7 do-ghabsat cúig colga coimhgheara
gona n-altaibh déad ina n-deaslamaibh.
Ro-gabsat cóig rotha cúlghorma taoibhgheala
fria h-ursglaighe forra
7 tugsat cúig cealtracha ceinreamhra chuca.
Cuigear féinneadh fírfhionna foltchasa iad-sein.