& do cinnedh in comairli-sin leó & do sgáiletar in fían da ndúintib & da mbailtib fén d'ullmugud ar cinn Finn, innus co fuigbed sé fleid a tigh gach duine díb. & is dó ránic Finn do frestul & do frithalem in oidhchi-sin .i. Fer tái mac Uáithne
25] Irgalaig rígfénnid Conuilli Murthemne & Luaighne Temrach. & is í fa ben d'Fer thái .i. Iuchna Ardmór ingen Ghuill meic Morna & is amlaid robúi Fer tái & mac súaichnid sainemail aci co ngaisced & co ngáis & co nglici & fa hí Iuchna máthair in mic-sin & Fer lí a ainm. Ba cosmail immorro rena senathair é .i. ré Goll ar mét & ar
30] maisi & ar míletacht, ar neim & ar nert & ar nidhachus, ar enech & ar engnum & ar árrachtus, ar lúth & ar lámach & ar línmairecht, ar chrúas, ar chalmacht, ar churatacht, ar mire & ar merdánacht, ar móraicned, ar deilb, ar détlacht, ar dásachtaighi.
Ocus ótchonnairc Fer lí begán slúaig & sochaide a fochair
5] Finn ro smúain feall & meabal & mítháem do dénum air cona muintir, úair ní raibi a farrad Finn annsin da muintir acht Cétach Cithach mac rígh Lochlann & Laegaire Lúathbémendach mac Duib mic Sálmóir mac ríg Fer Fánnall & cúig cét12 laech hi fochair gach duine díb & isin aimsir-sin tángatar tar muir hi gcend Finn & tuc Finn
10] leis íat in oidchi-sin mar onóir dóip & ro fáguib a chlannmaicne féin & a gnáthmuintir uile acht Aedh Baillderg mac Foéláin mic Finn & na trí Coin a Moenmuigh & cúic cét laech aili a farrad in chethrair-sin, conid cúic cét déc uile ro búi Finn ann-sin. & ro lig Fer lí comairli in fill re hÉmer nGlúnglas mac Aedha mic Garaid mic Morna.
15] ‘Is comairli chubaid choimnert in comairle-sin,’ ar Émer, ‘úair is bidhba bunaid dúinn é Finn, úair do tuit Goll Mór mac Morna leis & clanna Morna uile & ar n-aithri & ar senaithri.’
Ocus ro críchnaigsit Finn cona muintir do marbad a fill. & is iat dorinni in comarli-sin .i. Fer lí mac Fir tái & Émer Glúnglas mac
20] Aeda mic Garaid & cúic mic Uirgrenn do Lúaignib Midhi & na trí Taiblennaigh a fosadlár Fernmaighi & ro molatar sin uili Finn cona muintir do marbad ocus ro chóirgetar & ro cumatar in feall .i. in begán slúaig do bí ag Finn do sgáiled & do connmáil, úair ní raibi acht cúic cét déc a n-ingnáis con & gilla a farrad Finn & is í celg
25] ro cumadh acu: daeine dísgiri derglomnachta do thecht co dúnad Fir thái mic Uaithni Irgalaig co hairm hi raibi Finn hi coinnmedh a muintire, ocus comad edh aderdáis airgne & esbada do dénum do muintir Finn ar muintir Fir thái & gumad é in sgél sin bud tosach cogair & coimérgi cum Finn do marbad.