‘Ragat’, ol sé. ‘Déna mo lessa’, ol Cuirithir. ‘Ben mór file thall, apair frie triat chéill féin tudecht cosin topur so.’
‘Cía a hainm?’
‘Líadain.’
‘Cía th'ainm-si?’
‘Cuirithir mac Doborchon.’
‘Maith’, or sé. Téit isa tech . Bói sí ina himda cetheora mná . Dessid som & ní rolaad óid aire. Is ann asbert som:

A tech mór
folongat na tuireda,
día mbeith nech nodálad dáil,
timnæ dáib co fuineda.

Nech donísed ba mithig,
a thopuir file fiad tig,
ferait a lúadain imbi
uissi áilli imrinni.

Rolá temel dom roscaib,
am dillig ar inchoscaib,
conid Líadain congairiu
cach banscál nád athgniniu .

A ben cosind remorchois,
ní fúar do sét di márchlois ,
nícon festor fo chailliu
banscál badid cíallaidiu .

Mac in míl
anas adaig fo linnib,
folongat cot idnaidiu
cossa glassa fo rinnib.

Is íarsin dochúaid sí tra leis-som, co rogabsat anmchairde Cummaine Fota maic Fiachna.