A dúirt mé leis na blátha:
“Nach suarach an áit a fuair sibh
le bheith ag déanamh aeir
Teannta suas anseo le bruach na haille,
Gan fúibh ach an chloch ghlas
Agus salachar na n-éan,
áit bhradach, lán le ceo
Agus farraige cháite,
Ní scairteann grian anseo
Ó Luan go Satharn
Le gliondar a chur oraibh”
A dúirt na blatha craige:
“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
ag ceol na farraige.”
(c) Liam Ó Flaithearta