1.Toruigheacht gilla deacair ocus a chapaill
читать дальшеDo-desaiged LONG LUCHTMAR lánaibsech
d´Fionn 7 dá mhuintir
7 do-cuired biad a bhronnta innte
7 do-shuidetar na h-óicfir arrachta sin
7 na curada caomhchalma
ar slessaib 7 ar bhordaib
NA LUINGE INA RABATAR
7 do-gabatar na ráma fada slislethna sithrige
ina n-dúidib détha dóidlethna
7 dorigentar imram tinnesnach trénlaidir
tar crioslachaib na fairrge falcmaire fírdhoimne
7 tar glenntaib na mara mor-aidbéile mellghruamda
7 tar glenntaib druimlethna drechduba dien-luatha
in chuain chraoislebair chubarbain.
Is ann sin
d´eirig in fhairrge ina h-uathbas ingantach blaois-gheimnech
7 ina brointib borba brec-uallacha baothtroma
7 ina cnocaib corracha camthacha cenngruamda
7 ina bruachaib dorcha duba doscaoilte
7 ina tonaib craoislethna cnisgela
7 ina maoilenaib mong-ruada mera mícheillide
7 ina srothaib gáibthecha glasimda
7 ina linntib luchtmara lethabgarba lí-uainne.
Ba cheol codalta
7 ba mhoch-chorrugad maidne
d´Fhionn 7 dá mhuinntir
beith ac éistecht
re coicetal na mara mongruaide mor-fhairrge
ac cronan 7 ac congháir 7 ac coimdecht
le slesaib is le bórdaib
NA LUINGE I RRABATAR.
2. Lebor Clainne Suibhne
Dala MURCHAID MHIR tar eis catha Srubshleibi
do smuain sé techt
do dighailt a braithrech 7 a muinntire a nErinn
7 do tinoil sé cablach rigdha romhor
7 do cuiretar amach a longa luchtmara lanáibhle
7 a laoidhenga leabargasda laindhíghainge
7 a nethair ailli athlumha
tar drumchladh na dilenn dímoire
7 tar an ler n-árd n-ainfinech
7 tar in aibeis n-adhbuil n-eocharghuirm
7 do rinnetar imram tren tirim tothachtach,
acht ení nir anatar
no go rangatar cuan sochair saor-aluinn Súihghi
7 tucatar luathshirtha fa na crichuib ar gach leith díbh
7 do marbad a ríghthe 7 a ruirigh 7 a rodaóine leó
innus gur marbad a maithe 7 gur gabad a n-geill uile
le MURCHAD MER 7 le na mac .i. MURCHAD ÒCC.